Plean Freagartha COVID-19 Scoil Santain
1. Polasaí COVID-19 Scoil Santain le leanúint.
2. Pleanáil agus Ullmhú don Filleadh ar Scoil
3. Ionadaí oibrí ceannais roghnaithe
4. Comharthaíocht - faisnéis a bheidh ar taispeáint go soiléir
5. Athruithe don leagan amach scoile
6. Rochtain ar Scoil agus Loga Teagmhála
7. Bearta Rialaithe- chun cosc a chur ar réamhrá agus Leathadh COVID-19 sa scoil
8. Tionchar COVID-19 ar ghníomhaíochtaí scoile áirithe
9. Sláinteachas agus Glanadh sa scoil
10. Ag Déileáil le Cás Amhrasta de Covid -19
11. Riachtanais Speisialta Oideachais
12. Dualgais Foirne
Polasaí Scoile COVID-19.
Sínithe ag Cathaoirleach an BB
Pleanáil agus Ullmhú le haghaidh um Fhilleadh ar Scoil
Tá an Scoil tar éis :
- Socruithe chun coinneáil suas chun dáta le comhairle sláinte poiblí, athruithe ar aon phleananna Rialtais chun an tsochaí a athoscailt go sábháilte agus nuashonruithe na Roinne Oideachais;
- Socruithe chun an eolas seo a scaipeadh go tráthúil don fhoireann, do dhaltaí, do thuismitheoirí agus do dhaoine eile de réir mar is gá; (ríomhphoist agus téacsanna a sheoladh amach)
- A chinntiú go ndearna an fhoireann athbhreithniú ar na hábhair oiliúna a sholáthraíonn an Roinn Oideachais ( atá le seoladh ag an Roinn Oideachas.)
- Rochtain a chuir ar fáil don fhoireann ar an bhfoirm um Fhilleadh ar Obair (RTW) (atá ar fáil ar líne comh maith) .
Ionadaithe Oibrí Ceannais
- Maitiú,Páraic
Comharthaíocht
- Le cur in airde
Ag Déanamh Athruithe ar Leagan Amach na Scoile
- 'Podanna' atá in úsáid i rang Naíonán-Rang a 2. Ní chuirtear fad scaradh sóisialta i bhfeidhm
- Achar fisiciúl 1 mhéadar ar a laghad idir na daltaí i ranganna 3-6 ( 2 mhéadar más féidir)
- Is ionann rang ghrúpa amháin agus ‘boilgeog’ amháin
Measúnú Riosca Sláinte agus Sábháilteachta
- Táthar ag súil le gnáth nós imeachta druileála dóiteáin. Cruthaítear líne ordúil, agus úsáidtear an bealach amach is gaire chun imeacht as foirgneamh na scoile.
- Leanfaidh an gnáthnós imeachta garchabhrach / éigeandála i bhfeidhm sa scoil. Tá masc le n-úsáid agus é laistigh d’achar 1 mhéadar. TCP le ceannach do riarthóirí Garchabhrach.
- Déanfar athbhreithniú ar na measúnuithe riosca atá ann chun aon rioscaí nua a thagann chun cinn mar gheall ar Phlean Freagartha COVID-19 na scoile a mheas.
Beidh rochtain ar Loga Scoile agus Teagmhála
- Beidh rochtain ar fhoirgneamh na scoile ag leanúint na treoracha atá leagtha síos
- Cead isteach do chuairteoirí riachtanacha mar chonraitheoirí agus tuismitheoirí-beidh siad teoranta do chuspóirí riachtanacha agus teoranta dóibh siúd a fuair cead roimh ré ón bpríomhoide.
- Coinneofar logáil isteach / síniú amach mionsonraithe orthu siúd atá ag dul isteach i bhfoirgnimh na scoile. Coinneoidh an scoil log de theagmhálacha foirne agus daltaí
Bearta Rialaithe – Cosc ar Scaoileadh isteach agus Scaipeadh COVID-19 sa scoil
- Ní chóir d’éinne (foireann nó daltaí ) a bhfuil comharthaí orthu freastal ar scoil, ach glaoch ar a ndochtúir agus treoir FSS (HSE) a leanúint maidir le féin- aonarú;
- Ní bheidh na páistí roinnte i ranganna eile muna bhfuil an múinteoir ranga i látháir.
- Deanfaimid gach iarracht ionadaí a fháil nuair atá múinteoir as láthair. I gcásanna eisceachtúla, beidh ar thuismitheoirí/ caomhneoirí páistí a chóiméad sa bhaile muna bhfuil ionadaí ar fáil.
- Ní chóir an fhoireann ná na daltaí teacht ar scoil, má tá siad aitheanta ag FSS (HSE) mar theagmhálaí do dhuine le COVID-19 agus comhairle FSS (HSE) a leanúint maidir le srianadh gluaiseachta;
- Ba chóir baill foirne agus daltaí a fhorbraíonn comharthaí ar scoil, é seo a chur in iúl don Phríomhoide comh luath is gur féidir leo.
- Ba cheart suíomh leithlisithe ainmnithe a aithint laistigh d’fhoirgneamh na scoile.
- Caithfidh gach duine a théann isteach i bhfoirgneamh na scoile treoirlínte sláinteachas láimhe a leanúint le sláintitheoir láimhe a úsáid;
- Ba chóir de na tuismitheoirí/ caomhneoirí teagmháil a dhéanamh ar an bhfón leis an múinteoir ranga nuair atá gá leis.
- Ba chóir do chuairteoirí ar an scoil coinne a dhéanamh roimh ré agus ba chóir bualadh leo ag pointe teagmhála faoi leith sa phóirse;
- Scaradh sóisialta- Ba cheart 2m a choinneáil idir an fhoireann iad féin, agus na cuairteoirí nuair is féidir. Ba chóir masc a chaitheamh muna féidir 2m a chóimead óna chéile.
- Ní bheidh daltaí ag déanamh líne sa chlós sula dtosaíonn an scoil. Tiocfaidh na páistí isteach sa rang le cúram agus coinneoidh siad achar fisiceach 1 mhéadar óna chéile, ó 8.50-9.00
- Rachaidh na daltaí abhaile ó fhoirgneamh na scoile go cúramach agus coinneoidh siad achar fisiceach 1 mhéadar óna chéile.
- Sláinteachas Riospráide- míneofar an dea-chleachtas.
- Sláinteachas Láimhe
Ba chóir do dhaltaí agus don fhoireann sláinteachas láimhe a léiriú:
1. Ar theacht dóibh ar scoil;
2. Sula mbíonn siad ag ithe nó ag ól;
3. I ndiaidh an leithreas a úsáid;
4. I ndiaidh a bheith amuigh faoin aer;
5. Nuair a bhíonn a lámha salach go fisiciúil;
6. Nuair a bhíonn siad ag casacht nó ag sraothartach (sneezing)
Cuairteoirí ar an scoil
- Caithfear coinne a dhéanmh roimh ré agus fanacht lasmuigh de oifig Debbie sa phóirse.
- Ba chóir dóibh fanacht sa bhaile má bhíonn aon comharthaí Covid -19 orthu.
- Protacail na scoile a leanúint
- Na lámha a ghlanadh sula dtagann siad ar scoil
- Tinreamh a thaifeadadh nuair a thagann siad isteach ar scoil
- Prótacail um scaradh sóisialta na scoile a leanúint.
- Gan fanacht ar suíomh na scoile níos faide ná is gá
Bainistíocht soláthairtí don scoil
- Tá ar na tiománaithe fanacht sna feithiclí agus treoracha na scoile a leanúint.
- Caithfear a chinntiú go leanfar prótacail um scaradh sóisialta
- Seachadtaí gan pháipéar a eagrú más féidir
- Socraithe sláintíochta iomchuí a chuir ar fáil do na h-earraí agus ábhair a thagann chuig na scoile.
Tionchar COVID-19 ar ghníomhaíochtaí áirithe scoile
Gníomhachtaí Tar-éis am scoile
· Tá na gníomhachtaí tar éis am scoile ar ceal ( Doodle-Den, an crèche, Ranganna ceoil Des Carty, foirneacha Spóirt)
Clós / Maoirseacht
- Beidh na ranganna ag spraoi i gcodanna cordáilte san chlós. Ní mheascfaidh gach ‘mboilgeog’ (bubble) ranga le aon ‘bhoilgeog’ ranga eile.
- Rachaidh na ranganna amach as a gcuid ranganna agus siúlfaidh siad timpeall go dtí an clós, agus ní tríd an scoil, ag coinneáil bearna 1 mhéadar sa líne.
- Beidh dhá am lóin sa scoil
Athrófar amanna lóin
Clós 1 (10.30 - 10.45 agus 12.00 - 12.55)
ZÓIN Rang
1 Seomra 4 - Naí 1
2 Seomra 3 -Naí 1
3 Seomra 2 - Naí 2
4 Seomra 17- Rang 2/3
5 Seomra 16- Rang 6
6 Seomra 15- Rang 5
7 Seomra 14- Rang 5
8 Seomra 5- Rang 1
Clós 2 ( 10.45 - 11.00) agus 12.30 - 12.55)
Zóin Rang
1 Folamh
2 Seomra 6 - Rang 1
3 Seomra 8 - N2
4 Seomra 9 - Rang 3
5 Seomra 10 - Rang 2
6 Seomra 11 - Rang 6
7 Seomra 12 - Rang 4
8 Seomra 13 - Rang 4
Corpoideachais
- Caithfear trealamh a ghlanadh roimh agus tar éis é a úsáid.
- Caithfear íoslaghdú a dhéanamh ar comh-roinnt trealaimh spóirt
- Beidh ceachtanna spóirt lasmuigh chun baol scaipeadh Covid19 a ísliú. Táimid ag fanacht ar threoir ón Roinn ar cheachtanna sa Halla.
- Ranganna Snámha - ar ceal
- Foirneacha scoile- ar ceal
- Tá cosc ar aon deoch a roinnt lena chéile
Ficheall
- Ní mór na píosaí a ghlanadh roimh agus tar éis iad a úsáid sa rang.
- Ní bheidh na páistí ag bualadh le chéile i rith am lóin.
Tionóil / Ócáidí Feistis Bréige/Margadh Císte
- Ní bheidh na páistí ag bualadh le chéile sa halla le chéile.
'Literacy Lift-off' / 'Cleite'
- Tabharfar leabhair amach uair amhain i rith na seachtaine, agus glanfar na leabhair roimh agus tar éis iad a úsáid (ag an múinteoir). Is féidir na leabhair a athdháileadh tar éis 3 lá de neamhúsáid. Tá sé i gceist ag an scoil leanúint ar aghaidh leis na scéimeanna seo, más féidir.
Grúp-Obair sa rang
- Ba chóir go mbeadh meascadh na ndaltaí teoranta sa rang, nuair is féidir.
- Ba chóir go bhfanfadh daltaí ina suí, agus ba cheart srian a chur ar ghluaiseacht laistigh den rang.
- Tá cosc ar chomhroinnt achmhainní (ie pinn luaidhe, criáin, rubair, bioróir). Tá ar na daltaí a gcuid achmhainní féin a bheith acu.
Bréagáin
- Cuirfidh an scoil bréagáin agus áiseanna ar fáil sna ‘podanna’. Beidh siad glan. Ní chóir na breagáín a roinnt idir na ‘podanna’.
- Glanfaidh an múinteoir ranga nó CRS aon bhréagáin comhroinnte ar bhonn laethiúl.
- Ní bheidh aon bréig-fheistis sa rang.
- Ba chóir bréagáin bhog a bhaint den rang.
- Ba chóir bréagáin atá salach nó éillithe le fuil, nó sreabhán coirp, a thógáíl ón rang, agus iad a glanadh nó a chaitheamh amach.
- Glanadh bréagán:
2. Cuir an bréagán in uisce glan
3. Triomaigh i gceart é.
4. Bréagáin nach bhfuil oiriúnach don uisce (chun iad a ghlanadh), ba cheart éadach tais a húsáid agus iad a thriomú go hiomlán.
5. Má tá díghalrú le déanamh, ba cheart táirge (product) oiriúnach a úsáid, ansin ba chóir é a ghlanadh agus a thriomú.
Ealaín
- Ba chóir daltaí a spreagadh chun a gcuid trealaimh aonair féin a bheith acu.
- Ba chóir scuabanna a thabhairt do gach dalta agus a ghlanadh roimh agus tar éis iad a húsáid
Tabléidí/ríomhairí
- Ba chóir gléasanna leictreonacha roinnte, mar tháibléid, scáileáin tadhaill, méarchláir, a ghlanadh idir úsáid
Uirlisí Ceoil / Ionstraimí/ Cnag uirlisí
- níor chóir uirlisí cheoil a roinnt idir daltaí agus má tá gá le comhroinnt, ba cheart na huilisí a ghlanadh idir úsáidí.
- tá seans go mbeadh riosca níos airde nuair atá cleachtais / léirithe cór agus cleachtais / léirithe ceoil a bhaineann le gaoithe ann, agus ba cheart aird a thabhairt ar an gcaoi a láimhseaíltear iad ag cinntiú go bhfuil an seomra aeráilte go maith agus an go gcoinnítear fad idir na daltaí.
Polasaí Leabharlainne
- Ní bheidh leabharlann na scoile in úsáid go dtí go dtabharfar fógra breise dúinn.
- Nuair is féidir ba chóir go mbeadh a gcuid leabhar féin ag daltaí.
- Ba chóir go mbeadh na téacsleabhair a roinntear clúdaithe le clúdach plaisteach inúsáidte ar féidir é a fhilleadh le gníomhaire glanta tí oiriúnach idir úsáidí. Ba chóir daltaí a spreagadh chun sláinteachas láimhe a dhéanamh tar éis aon earra roinnte a úsáid.
- An leabharlann ranga : Beidh cead ag na páistí leabhar amháin a fháil gach seachtain, atá le tabhairt ar ais ar an Déardaoin, beidh sé glanta, agus beidh se réidh le dáileadh amach ar an Luan (ag braith ar threoreacha ón Roinn)
Obair Bhaile
- Beidh obair ar-líne agus obair scríofa i mbliana
- Ceartófar an obair scríofa an tseachtain dar gcionn.
- Ni bheidh aon obair bhaile don chéad coicíse ar ais ar scoil.
Sláinteachas agus glanadh san scoil
- Beidh suíomh na scoile á ghlanadh, ar a laghad uair amháin sa lá. Ba chóir glanadh breise a dhíriú ar dhromchlaí a mbíonn teagmháil go minic leo - Láimh doirse, ráillí láimhe, cathaoireacha / doirteal agus áiseanna leithris.
- Beidh rochtain ag gach ball foirne ar tháirgí glantacháin agus beidh orthu a réimse oibre féin a choinneáil glan.
- Ba chóir don fhoireann a limistéar oibre a ghlanadh agus a dhíghalrú go críochnúil roimh agus tar éis é a úsáid gach lá.
- Caithfidh baill foirne a gcuid trealamh agus uirlisí féin a úsáid agus a ghlanadh .(cupán, sceanra, pláta srl.) Is féidir an inneal níocháin a úsáid ach caithfidh gach baill foirne é a líonadh agus a gcuid trealamh a bhaint iad fhéin. Tá ar an treallamh a bheith féin- aitheantach.
- Ní mór don fhoireann a lámha a dhíghalrú sula dtéann siad i dteagmháil le huirlisí a d’fhéadfadh daoine eile a úsáid (Citeal, cuisneoir, micreathonn, oigheann, déantóir caife,). Beidh dáileoir díghalraithe suite sa seomra foirne.
- Déanfar cruinnithe ama lóin a spásáil amach agus beidh fad shóisialta 2 mhéadar á chleachtadh nuair is féidir.
Seomraí Glantacháin / Díghalraithe ina raibh dalta / ball foirne a raibh amhras faoi COVID19 i láthair
· Ba chóir an seomra a ghlanadh chomh luath agus is féidir.
· Nuair a bheidh an seomra folamh níor chóir an seomra a athúsáid go dtí go mbeidh an seomra glanta agus díghalraithe go maith agus go bhfuil na dromchlaí uile tirim.
· Ní oibríonn díghalrú ach ar rudaí atá glan. Nuair a bhíonn díghalrú ag teastáil caithfidh an dromchlá a bheith glan ar dtús.
· Ba chóir don duine atá ag glanadh a bheith cúramach gan teagmháil a dhéanamh lena aghaidh agus iad ag glanadh agus ba chóir dó lámhainní tí agus naprún plaisteach a chaitheamh.
· Nuair a bheidh an seomra glanta agus díghalraithe agus na dromchlaí uile tirim, is féidir an seomra a athúsáid.
Déileáil le cás amhrasta de Covid-19
- Má tá duine i do rang tinn, caithfear masc a thabhairt dóibh, an duine a aonarú, teagmháil a dhéanamh ar Mhaitiú nó Páraic teacht chun iad a threorú chuig an seomra(í) aonarú , tríd an mbealach aontreo ag coinneáil 2m ar a laghad ón duine síntómach agus ag cinntiú freisin go gcoinníonn daoine eile achar 2m ar a laghad ón duine síntómach i gcónaí;
- Glanfaidh an múinteoir an áit ina raibh an dalta ina suí. Cuirfidh an múinteoir an príomoide ar an eolas go bhfuil an rang le glanadh. Tógfaidh an múinteoir an rang amach ón rang nuair atá an seomra ranga á ghlanadh.
- Beidh oifig Debbie in úsáid agus siopa na scoile in úsáid mar sheomraí aonarú na scoile.
- Más dalta an duine a bhfuil amhras faoi, ba chóir teagmháil a dhéanamh láithreach leis na tuismitheoirí / caomhnóirí
- Éascaigh (Facilitate ) don duine a bhfuil na siomptóim air / uirthi fanacht ina aonar mura féidir leo dul abhaile láithreach.
- Tá ar an tuismitheoir/ Caomhneoir glaoch a chuir ar an scoil atá iad lasmuigh sa charrchlós, agus siúlfaidh duine den baill foirne amach leis an dalta chuig an charr.
- Tá ar an tuismitheoir glaoch a chur ar an dochtúir chun tinneas an páiste a phlé, agus ansin an scoil a chuir ar an eolas faoi.
- Rachaidh an scoil i dteangabháil leis an tuismitheoir faoi ina dhiaidh sin.
- Sa chás go mbíonn an dálta an-tinn, agus tá comhairle ag teastáil, cuirfidh an scoil glaoch teilifón 999 nó 112, agus deirfimid go bhfuil baol ann go bhfuil Covid -19 orthu.
- Glanfaidh an scoil an áit ina raibh an dalta ag fanacht agus an rang ina rabhadar.
- Tá ar gach duine fanacht sa bhaile go dtí go bhfuil biseach orthu.
- Sa chás go bhfuil dalta nó duine sa bhaile ag fanacht ar thoradh ar scrúdú Covid 19, tá ar gach duine sa teach (dalta/siblíní/caomhneoirí/ tuismitheoirí) fanacht sa bhaile. Caithfear treoracha an FSS a leanúint.
- Sa chás go mbíonn toradh dearfach ar an scrúdú, tá ar gach duine san teach (dalta/siblíní/caomhneoirí/ tuismitheoirí) fanacht sa bhaile ar feadh 14 lá.
- Sa chás go mbíonn toradh dearfach, cuirfidh an FSS tús leis an rianu teagmhála, agus leanfaidh an scoil treoracha an FSS
- Sa chás go mbíonn duine den bhfoireann tinn, rachaidh siad abhaile láithreach. Ba chóir don duine teagmháil le daoine, dromchlaí agus rudaí a sheachaint. Ba chóir comhairle a thabhairt don duine le siomptóim a bhéal agus a shrón a chlúdach leis an bhfíochán indiúscartha (disposable tissue) a chuirtear ar fáil nuair a bhíonn siad ag casacht nó ag sraothartach agus ag cur an fhíocháin sa mhála dramhaíola a chuirtear ar fáil (waste bag provided);
- Glanfar an seomra mar atá luaite thuas.
- Tabharfaidh duine den baill foirne aire den rang ansin.
Riachtanais Oideachais Speisialta
- Beidh na múinteoirí tacaíocta ag feidhmiú faoi threoir na treoirlínte nua, agus mar sin tá seans go mbeidh rochtain na páistí le riachtanais leo, athraithe sa chás go mbíonn orthu seasamh isteach i gcóir múinteorí tinn.
- Maidir le leanaí le riachtanais oideachais speisialta ní bheidh sé praiticiúil ná iomchuí an scaradh sóisialta a choinneáil i bhfeidhm.
- Ba chóir go mbeadh feasacht níos cruinne ag tuismitheoirí / caomhnóirí ar chomharthaí, nó athruithe sa bhunlíne a thugann le tuiscint go bhfuil ionfhabhtú breoiteachta / COVID-19 agus an áit a bhfuil na hairíonna i láthair níor chóir do leanaí freastal ar scoil.
- Mar an gcéanna ba chóir go mbeadh an fhoireann ar an eolas faoina bhfreagracht gan freastal ar obair má fhorbraíonn siad comharthaí tinneas covid.
- Sláinteachas láimhe: Ba chóir go dtabharfaí cúnamh do leanaí nach bhfuil in ann a lámha a ní leo féin, a lámha a ghlanadh ag úsáid gallúnach agus uisce nó sláintitheoir láimhe.
- Trealamh: D’fhéadfadh go mbeadh riachtanais chúraim ag leanaí (fisiceach nó iompraíochta) a éilíonn go n-úsáidtear áiseanna agus fearais, mar shampla áiseanna leithris, trealamh gluaiseachta agus láimhseála, trealamh riospráide.
- Nuair a dhéantar áiseanna agus fearais a ghlanadh sa scoil moltar sceideal glantacháin a sholáthar, ag tabhairt mionsonraí cathain agus conas a ghlanfar an trealamh agus na táirgí glantacháin le húsáid de réir threoracha an mhonaróra.
Dualgais Foirne
- Tá oibleagáid reachtúil ar bhaill foirne cúram réasúnach a ghlacadh dá sláinte agus dá sábháilteacht féin agus sláinte a gcomhghleacaithe agus páirtithe eile.
- Caithfidh an fhoireann cloí le Plean Freagartha COVID-19 na Scoile agus na bearta rialaithe a leagtar amach.
- Comhlánaigh an fhoirm RTW sula bhfilleann siad ar an obair.
- Ní mór don fhoireann an príomhoide a chur ar an eolas má tá fáthanna ar bith eile ann a bhaineann le COVID19, nach bhfuil san áireamh san fhoirm, a chóir go mbeadh luaite chun filleadh slán ar an ionad oibre a éascú.
- Ní mór don fhoireann Oiliúint Ionduchtaithe COVID-19 agus aon oiliúint eile a theastaíonn sula bhfillfidh siad ar scoil a chríochnú.
- Caithfidh an fhoireann a bheith ar an eolas faoi dhea-chleachtais sláinteachais agus béasaíochta riospráide agus cloí leo. Comhordú agus oibriú lena gcomhghleacaithe lena chinntiú go gcoinnítear an scaradh sóisialta.
- Cuir iad féin ar an eolas faoi na hairíonna de COVID-19 agus monatóireacht a dhéanamh ar a bhfolláine féin.
- Féin-leithlisiú sa bhaile agus teagmháil a dhéanamh go pras lena ndochtúir teaghlaigh chun tuilleadh comhairle a fháil má thaispeánann siad aon comharthaí de COVID-19.
- Níl an fhoireann le filleadh ar an scoil nó freastal uirthi má tá comharthaí COVID-19 acu ar fáth ar bith. Má fhorbraíonn siad aon comharthaí de COVID-19 agus iad laistigh den áis scoile, ba chóir dóibh cloí leis an nós imeachta a bhfuil cuntas air thuas. Coinnigh ar an eolas faoi chomhairle nuashonraithe na n-údarás sláinte poiblí agus cloí léi