Gaelscoil i gcroílár Phobal Thamhlachta

Fáilte ón bPríomhoide

An Príomhoide.jpg

Fáilte romhat go suíomh gréasáín Scoil Santain. Bunaíodh Scoil Santain i 1979. Ba í an chéad Ghaelscoil i dTamhlacht ag am a bunaíodh í le toil na dtuismitheoirí sa cheantar. Tá an Ghaeilge go láidir sa cheantar agus bhí i gcónaí.

Is Gaelscoil chairdiúil, fháilteach í Scoil Santain, ina bhfuil oideachas den chéad scoth ar fáil. Idir fhoireann agus thuismitheoirí, oibrímid le chéile chun ár ndícheall a dhéanamh ar son gach páiste áta linn sa scoil. Tá an t-ádh liom a bheith mar Phríomhoide agus mar iar-dhalta na scoile anseo, áit a bhfuil pobal na scoile ag iarraidh an sprioc chéanna a bhaint amach le chéile- foghlaim ghníomhach, leathan, spraíúil trí mheán na Gaeilge.

Tá foireann oscailte, bhríomhar, le taithí againn agus a mbíonn ag cur le foghlaim na bpáistí i slite difriúla, a aithníonn difríochtaí ár bpáistí. Tugtar oideachas iomláin do na páistí in éineacht le spórt, ceol, ficheall, Gearmáinis srl.

Táimid an- bhródúil as na foirne spóirt buachaillí agus cailíní sa scoil, idir peil, iománaíocht agus camógaíocht, a bhain Páirc an Chrócaigh amach go rialta i stair na scoile.

Tá Coiste na dTuistí gníomhach againn chomh maith. Cabhraíonn siad leis an scoil in a lán bealaí- Tacaíonn siad le himeachtaí scoile, bíonn siad ag comhoibriú le pleanáil/polasaithe srl, ag tiomsú airgid ar son na scoile , ag obair sa ghairdín, ag cabhrú sa leabharlann, agus i go leor bealaí eile.

Tá stádas DEIS ag Scoil Santain, rud a chabhraíonn linn achmhainí breise a chur ar fáíl ar nós ranganna beaga a sholáthar, lón te saor in aisce a sholáthar do gach páiste gach lá, Teagmhalaí Caidreamh Baile Scoile Pobal a chabhraíónn linn ó lá go lá, agus tá tacaíocht an Chlár Críochniú Scoile go láidir sa scoil.Tá cláir litearthachta againn i rith agus tar éis am scoile m. sh. Doodle Den, Doodle Families agus Doodle STEAM agus cláir eile ar nós Cláir Astriucháin, An Clár Cic, srl.

Tá Bord Bainistíochta éifeachtach againn a dhéanann bainistiú ar rith na scoile agus a thacaíonn liomsa mar Phríomhoide a chinntiú go bhfuil foirgneamh sábháilte glan againn agus go bhfuilimid ag feidhmiú go héifeachtach ar son na bpáistí . Tá foireann iontach againn sa scoil, a thacaíonn lena chéile agus atá ag obair ar son leas na bpáistí i gcónaí.

Dar ndóigh, ‘sí an Ghaeilge teanga na scoile agus úsáidimid gach deis chun an teanga agus ár gcultúr a cheiliúradh. Is í Seachtain na Gaeilge gach bliain buaicphointe na scoilbhliana! Bíonn ceiliúradh againn ó Naíonáin go Rang a 6 le h-imeachtaí speisialta.

Bíonn seachtainí féiltiúla eile á gcéiliuradh againn go rialta- Seachtain Chairdeas, Seachtain Ghníomhach, Lá Domhnanda na Leabhar, Seachtain Eolaíochta, Seachtain Mhata, srl. Seachtainí ina mbíonn a lán imeachtaí gníomhacha ar siúl ag na páistí.

Tá clár idirghníomhach againn i ngach seomra ranga sa scoil agus réimse leathan TFC againn sa scoil idir ríomhairí glúine agus taibléidí . Úsáidtear na háiseanna TFC chun cur le foghlaim na bpáistí i mbealach gníomhach.

Is breá linn aithne a chur ar na páistí agus creideann muid go láidir i mbuanna pearsanta a threisiú agus pobal scoile láidir a chothú ina bhfuil gach páiste sásta agus ag obair ar a gcumas.

Fáilte go dtí ár suíomh gréasáín agus tá súil agam go mbaineann sibh taitneamh as!

Principal’s Welcome

Welcome to our website. Scoil Santain was the first Gaelscoil formed in Tallaght in 1979 . We were founded by the determination and strong wish of local parents to educate their children through Irish. There is, and has always been, a strong interest in the Irish language and culture in our community .

Scoil Santain is a very friendly, welcoming Gaelscoil which provides education of the highest standard. Together, all our staff and parents work together to do our best for every child in our care. I am privileged to be Principal and past pupil of the school, where everyone works together to achieve our aim- to have our children learn actively and happily to achieve a wide, fun education through Irish.

We have a vibrant and experienced staff who encourage the children to learn while recognising our children’s individual needs. They provide a holistic education which includes sports, music, chess, German etc.

We are very proud of our boys and girls football , hurling and camogie teams who represented the school in Croke Park many times over the years.

Our Coiste na dTuistí (Parents Committee) are also very active. They help the school in many ways- School events, working with us on planning/policies, fundraising, school garden ,library etc.

Scoil Santain has a DEIS status which provides us with extra resources such as reduced class sizes, providing free hot lunches to our pupils daily, a Home School Community Liaison and strong support from the School Completion Programme which includes our literacy in/afterschool programmes as well as many others. ,eg., Doodle Den, Doodle Families, Doodle STEAM, Transitions Programmes, Kick programme.

We have an effective Board of Management who manage the running of the school and who support me as Principal to ensure we have a safe, clean learning environment for the children and staff, and also ensure that we have a vibrant enthusiastic staff all working for the betterment of each child..

Gaeilge (Irish) is the language of communication throughout the school and we take every opportunity to celebrate our language and culture. Seachtain na Gaeilge is the high point of our school year! from Junior Infants to 6th class with many special events,

We also celebrate many other weeks throughout the year such as Friendship Week, Active Week, World Book Day, Science Week, Maths Week etc. These are activity filled weeks for the children.

We have a wide range of ICT equipment in the school, including interactive whiteboards in every classroom and a suite of laptops and tablets. These ICT resources are used to enhance the active learning we encourage.

It’s important to us to get to know every child in our school and we believe in supporting all children’s individual talents. We work hard to create a school where each child is happy and performing to the best of their ability.

Welcome to our website and we hope you enjoy it!

No events found
Teagmháil Linn
Scoil Santain Bóthar na hAbhann Móire, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24, D24 TW35
Copyright © 2024 All Rights Reserved