Gaelscoil i gcroílár Phobal Thamhlachta

Ráiteas Misean agus éiteas

Scoil Santain: Fís na Scoile

Is é ár bhfís i Scoil Santain timpeallacht fhoghlamtha atá sona, suairc, spreagúil, a chothú trí mheán na Gaeilge do gach páiste atá faoinár gcúram.

Ráiteas Misean

  • Is bunghaelscoil Chaitliceach í Scoil Santain. Tugtar aitheantas agus ómós d’aon chreidimh, nó iad siúd nach bhfuil ar chreideamh ar bith cé go bhfuil eiteas speisialta Caitliceach ag an scoil.
  • Go bhfeictear an scoil mar scoil chaitliceach, aonad ina bhfoghlaimítear luachanna maithe msh. spioradáltacht, grá, cothrom na féinne, macántacht, fírinne, meas, dílseacht, freagracht agus misneach.
  • Go dtiocfaidh forbairt dá réir ar an bpáiste, go naibeoidh sé/sí agus ag fágáil na scoile dó/di, go mbeadh sé/sí in ann glacadh le cúraimí, coimhlíntí agus cúraimí an tsaoil.
  • Féachfaidh Scoil Santain chun forbairt phroifisiúnta agus phearsanta na foirne a chur chun cinn.
  • Spreagfaidh Scoil Santain féinmhuinín inár ndaltaí.
  • Spreagfaidh Scoil Santain na daltaí le meas a bheith acu ar dhaoine eile agus ar mhaoin dhaoine eile.

Aidhmeanna na Scoile

  • Is é/í an páiste croílár na scoile.
  • Freastal ar riachtanais iomlán an pháiste ó thaobh spioradáltachta, sóisialtachta agus intleachtachta.
  • Go mbainfidh gach páiste aoibhneas agus taitneamh as an saol scoile.
  • Gur de réir cumais agus acmhainne a bheidh gach páiste ag obair, go ndéanfar freastal ar riachtanais na ndalta laga agus éirimiúla.
  • Spéis a chothú san oideachas, buanna na cruthaitheacha a chur chun cinn.
  • Ábaltacht chumarsáide an pháiste a fhorbairt.
  • Go naithnítear féiniúlacht, speisialtacht agus buanna gach páiste.
  • Tabhairt le tuiscint do na páistí gur próiséis féindhírithe é an toideachas a leanann i gcaitheamh a shaoil.
  • Go mbeadh deis fhorleathan ag na páistí a bheith páirteach in imeachtaí agus gníomhaíochtaí breise churaclaim.
  • Go mbeadh fáilte roimh thuismitheoirí/chaomhnóirí a bheith páirteach i bpróiséis oideachasúil na scoile.

Aidhmeanna na Gaeilge

  • Is gaelscoil í Scoil Santain.
  • Úsáidtear an Ghaeilge mar phríomhtheanga sa scoil. Bíonn na daltaí dhá-theangach.
  • Moltar do thuismitheoirí/chaomhnóirí aon Ghaeilge atá acu a úsáid sa bhaile agus ar scoil.
  • Moltar dóibh freastal ar aon cheann de na ranganna Ghaeilge atá ar fáil.
  • Déantar teagmháil le tuismitheoirí, i rith na bliana i nGaeilge agus i mBéarla.
  • Aithnítear an Ghaeilge mar chuid thábhachtach dar noidhreacht chúltúrtha.
  • Deis a thabhairt don dalta an Ghaeilge a fhoghlaim go nadúrtha, neamhspleáchas agus meas ar a shochaí a chothú trí thuiscint a thabhairt dó/di ar ár noidhreacht chultúrtha.
  • Cumas sa Ghaeilge agus sa Bhéarla a fhorbairt go mbeadh an dá theanga ar a thoil ag an dalta gan stró.
  • Dearcadh dearfach a chothú ar fhoghlaim theangacha agus ar chultúir eile i gcoitinne.
  • Is cuid dílis de phobal Gaelach Thamhlachta í an scoil.

No events found
Teagmháil Linn
Scoil Santain Bóthar na hAbhann Móire, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24, D24 TW35
Copyright © 2024 All Rights Reserved